Tá deireadh na míosa ag druidim linn.

  • An bhfuil mé in ann na hilchríocha agus na haigéin a aithint ar léarscáil an domhain?
  • An bhfuil mé in ann laethanta na seachtaine a scríobh?
  • An bhfuil na dánta “An Deireadh Seachtaine” agus “Sciob ar Strae ” ar eolas agam?
  • An féidir liom “An BhFaca Tú Mo Shéamuisín?” agus “I gCruthaíocht Dé ” a chanadh?
  • Cad faoi na táblaí : Suimiú agus Dealú  ar fad ?
  • An ndéanaim mo dhícheall ar scoil ?
  • An bhfuil feabhas ag teacht ar mo pheannaireacht?
  • An gcríochnaím m’obair bhaile ar luas lasracha nó an gcuirimse  am agus iarracht isteach ann?
  • An iarraim ar Dhia cabhraigh liom agus mé ag iarraidh  É a shásamh ?

 

Dán

An Deireadh Seachtaine le Éamonn  Ó Ríordáin

 

Is maith liom an deireadh seachtaine

Mar bíonn sos agam ón scoil,

Fanaim im’shuí san oíche

Gan obair bhaile, le do thoil.

 

Féachaim ar an teilifís

Má éirímse go moch,

Ach b’fhearr liom go mór mo ríomhaire

Má bhíonn an aimsir fliuch.

 

Taitníonn an chispheil liom

Le mo chairde roimh am lóin,

Ach is fearr liom cluiche peile leo

Uair éigin san iarnóin.

 

Ní maith liom an leadóg

Mar ní cluiche foirne é,

B’fhearr liom bheith im’pheileadóir

Is beidh, le cúnamh Dé.